Matha 13:51-58 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

51. “Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis.

52. Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”

53. Ansin, nuair a bhí deireadh na bparabal sin inste aige, d'fhág Íosa an áit sin;

54. agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí?

55. Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre?

56. A shiúracha freisin, nach bhfuil siad uile inár measc? Cá bhfuair sé na nithe seo uile, mar sin?”

57. Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.”

58. Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndíchreidimh.

Matha 13