48. Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu.
49. Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin
50. agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
51. “Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis.
52. Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”
53. Ansin, nuair a bhí deireadh na bparabal sin inste aige, d'fhág Íosa an áit sin;
54. agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí?
55. Nach é mac an tsaoir adhmaid é seo? Nach í a mháthair an bhean a bhfuil Muire uirthi? Agus nach iad Séamas agus Iósaef agus Síomón agus Iúdás a bhráithre?
56. A shiúracha freisin, nach bhfuil siad uile inár measc? Cá bhfuair sé na nithe seo uile, mar sin?”
57. Agus ghlac siad scannal ann. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche agus ina theaghlach féin.”
58. Agus ní dhearna sé mórán míorúiltí ansiúd de dheasca a ndíchreidimh.