40. Amhail mar a bhailítear an cogal chun é dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil.
41. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,
42. agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
43. Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
44. “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.
45. “Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le ceannaí a bhí ag lorg péarlaí breátha.
46. Tharla aon phéarla amháin leis a bhí róluachmhar, agus d'imigh agus dhíol a raibh aige gur cheannaigh sé é.
47. “Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt.
48. Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu.
49. Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin
50. agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
51. “Ar thuig sibh na nithe sin uile?” “Thuigeamar,” ar siad leis.
52. Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”