32. Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.”
33. D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
34. Labhair Íosa na nithe sin uile i bparabail leis na sluaite: ní dhéanadh sé caint ar bith leo gan pharabal,
35. agus sin mar a comhlíonadh a ndúradh tríd an bhfáidh:“Labhróidh mé i bparabail,nochtfaidh mé nithe ba rún ó thúsú an domhain.”
36. D'fhág sé na sluaite an uair sin agus chuaigh sé isteach sa teach. Tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Mínigh dúinn an parabal úd an chogail sa ghort.”
37. D'fhreagair sé iad á rá: “An té a chuireann an síol maith, sin é Mac an Duine.
38. Is é an domhan an gort. An síol maith muintir na ríochta. Dream an oilc an cogal,
39. agus is é an diabhal an namhaid a scaipeann é. Is é deireadh an tsaoil an fómhar agus is iad na haingil na buanaithe.
40. Amhail mar a bhailítear an cogal chun é dhó sa tine, sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil.
41. Cuirfidh Mac an Duine a aingil amach agus baileoidh siad gach ábhar scannail as a ríocht agus na daoine a thaobhaíonn an t‑olc,
42. agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
43. Beidh na fíréin an uair sin ag lonradh ar nós na gréine i ríocht a nAthar. An té a bhfuil cluasa air, éisteadh sé!”
44. “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le stór a bhí i bhfolach i ngort, agus an fear a d'aimsigh é d'fholaigh, gur imigh le barr áthais ag díol a raibh aige gur cheannaigh an gort sin.