16. “Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
17. Seachnaígí sibh féin ar dhaoine, mar tabharfaidh siad ar láimh do na sainidríní sibh, agus sciúrsálfaidh siad ina sionagóga sibh,
18. agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.
19. Ach nuair a bheidh sibh ar láimh, ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh,
20. mar ní sibhse a bheidh ag caint: is é Spiorad bhur nAthar a bheidh ag caint ionaibh.
21. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t‑athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad.
22. Agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse. Ach an té a sheasfaidh amach go deireadh, sábhálfar é.
23. Má bhítear sa tóir oraibh i gcathair áirithe teithigí go cathair eile. Deirim libh go fírinneach, sula mbeidh cathracha Iosrael siúlta agaibh, beidh Mac an Duine tagtha.
24. “Níl an deisceabal os cionn an mháistir ná an sclábha os cionn a úinéara.
25. Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?
26. Ná bíodh eagla oraibh rompu, mar sin. Níl aon ní i bhfolach nach bhfoilseofar, ná aon ní faoi cheilt nach mbeidh fios air.
27. An rud a deirim libh sa dorchadas, abraigí i solas an lae é, agus an cogar a chuirtear in bhur gcluais, fógraígí é ó bharr na dtithe.
28. “Ná bíodh eagla oraibh rompu seo a mharaíonn an corp ach nach féidir dóibh an t‑anam a mharú: ní hea, ach bíodh eagla oraibh roimh an té ar féidir dó idir chorp agus anam a mhilleadh in ifreann.
29. Nach mbíonn na gealbhain leathphingin an péire? Agus ní thitfidh gealbhan acu as an aer gan fhios do bhur nAthair.
30. Maidir libhse, fiú amháin ribí bhur gcinn tá siad uile comhairthe.
31. Mar sin, ná bíodh aon eagla oraibh; is mó is fiú sibhse ná dá liacht na gealbhain!