9. Agus dúirt sé leo: “Is breá mar a chuireann sibh aithne Dé ar gcúl chun go gcoimeádfadh sibh bhur dtraidisiún.
10. Óir dúirt Maois: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.’
11. Ach is é a deir sibhse: Má deir duine lena athair nó lena mháthair: ‘Ní ar bith de mo chuidse a d'fhéadfadh dul chun sochair duitse, is Corbán, is é sin, is tabhartas don Tiarna é’,
12. ní ligeann sibh dó feasta rud ar bith a dhéanamh dá athair nó dá mháthair,
13. ag cur briathar Dé ar neamhní tríd an traidisiún seo agaibh a fhágann sibh ag bhur sliocht. Agus déanann sibh mórán nithe den sórt sin.”
14. Ghlaoigh sé an slua chuige arís agus dúirt sé leo: “Éistigí sibh uile liom agus bainigí meabhair as an méid seo.
15. Níl aon ní lasmuigh den duine a d'fhéadfadh, trí dhul isteach ann, é dhéanamh neamhghlan, ach is iad na nithe a thagann amach as an duine a dhéanann an duine neamhghlan.
16. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine, éisteadh!”
17. Agus ar dhul isteach sa teach dó, i leataobh ón slua, d'fhiafraigh a dheisceabail de faoin bparabal.
18. Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
19. de bhrí nach ina chroí a théann sé ach ina ghoile agus go ngabhann sa leithreas?” (Sin mar a d'fhógair sé gach bia a bheith glan.)