Marcas 6:30-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

30. Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d'inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.

31. Dúirt sé leo: “Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall” - óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.

32. D'imigh siad leo i mbád go dtí áit uaigneach ar leithligh.

33. Agus chonaic mórán ag imeacht iad agus d'aithin siad iad, agus rith siad ann dá gcois as na cathracha uile agus bhain siad an áit amach rompu.

34. Ag teacht i dtír dó chonaic sé slua mór, agus ghlac sé trua dóibh mar go raibh siad mar a bheadh caoirigh gan aoire, agus thosaigh sé ag muineadh mórán nithe dóibh.

35. Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta.

36. Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mórthimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.”

37. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad leis: “An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d'arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?”

38. Dúirt sé leo: “Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.” Ar fháil amach dóibh dúirt siad: “Tá cúig cinn, agus dhá iasc.”

39. Agus d'ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas,

40. agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí.

41. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.

42. D'ith siad uile agus bhí siad sách.

43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc.

Marcas 6