Marcas 6:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.

4. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.”

5. Agus ní fhéadfadh sé míorúilt ar bith a dhéanamh ansiúd ach amháin a lámha a chur ar bheagán othar agus iad a leigheas,

6. agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh.Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.

7. Ghlaoigh sé an dáréag chuige agus thosaigh á gcur amach ina mbeirt agus ina mbeirt, agus thug údarás dóibh ar na spioraid mhíghlana.

8. D'ordaigh sé dóibh gan aon ní a bhreith leo i gcomhair an bhóthair ach amháin bata - arán ná tiachóg ná airgead sa chrios;

9. ach cuaráin a chur orthu, “agus ná cuirigí dhá ionar oraibh”.

10. Agus dúirt sé leo: “Cibé áit a dtéann sibh isteach i dteach, cuirigí fúibh ann nó go mbeidh sibh ag fágáil na háite.

11. Agus áit ar bith nach nglacfaidh libh agus nach áil leo éisteacht libh, gabhaigí amach as sin agus croithigí an deannach atá faoi bhur gcosa mar fhianaise ina n‑aghaidh.”

12. Agus ar dhul amach dóibh d'fhógair siad aithrí a dhéanamh

13. agus chaith siad amach mórán deamhan agus rinne siad mórán othar a ungadh le hola agus leigheas siad iad.

14. Chuala Héaród rí mar gheall air, mar bhí a ainm in airde, agus dúirt: “Tá Eoin Baiste éirithe ó mhairbh, agus sin é an fáth a bhfuil na míorúiltí á n‑oibriú tríd.”

15. Dúirt daoine eile: “Éilias atá ann.” Dúirt daoine eile: “Is fáidh é, ina dhuine de na fáithe.”

Marcas 6