22. agus tháinig iníon Héaróidias isteach agus rinne sí rince, agus thaitin sé le Héaród agus leo seo a bhí ag bord leis. Dúirt an rí leis an gcailín: “Iarr orm cibé ní is mian leat agus tabharfaidh mé duit é.”
23. Agus thug sé a mhionn di: “Cibé ní a iarrfaidh tú orm tabharfaidh mé duit é, go dtí leath mo ríochta.”
24. Ghabh sise amach agus dúirt sí lena máthair: “Cad a iarrfaidh mé?” Dúirt sí siúd: “Ceann Eoin Baiste.”
25. Tháinig sí isteach faoi dheifir láithreach go dtí an rí agus d'iarr air ag rá: “Is mian liom go dtabharfá dom ar mhias gan mhoill ceann Eoin Baiste.”
26. Tháinig buaireamh mór ar an rí, ach mar gheall ar a chuid mionn agus ar na daoine a bhí ag bord, níorbh áil leis dul siar ar a fhocal léi,
27. agus chuir an rí duine den gharda amach láithreach agus d'ordaigh a cheann a thabhairt isteach. D'imigh seisean agus dhícheannaigh sé sa phríosún é,
28. agus thug sé a cheann isteach ar mhias agus thug don chailín é agus thug an cailín dá máthair é.
29. Ar a chloisteáil sin dá dheisceabail, tháinig siad agus thóg a chorp agus chuir i dtuama é.
30. Tháinig na haspail le chéile timpeall ar Íosa agus d'inis siad dó a raibh déanta acu agus a raibh de theagasc tugtha acu.
31. Dúirt sé leo: “Tagaigí sibhse go dtí áit uaigneach ar leithligh agus glacaigí bhur suaimhneas tamall” - óir bhí mórán daoine ag teacht agus ag imeacht agus ní raibh am chun bia féin acu.