Marcas 5:21-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Ar theacht trasna do Íosa sa bhád go dtí an taobh eile, bhailigh slua mór ina thimpeall, agus bhí sé le hais na farraige.

22. Tháinig duine de chinn urra na sionagóige, arbh ainm dó Iáras, agus ar a fheiceáil dó, chaith sé é féin ag a chosa

23. agus rinne achainí go crua air ag rá: “Tá m'iníon bheag ar phointe an bháis. Tar agus cuir do lámha uirthi chun go mbeadh sí slán agus go mairfeadh.”

24. D'imigh sé lena chois agus bhí slua mór á leanúint agus bhí siad ag plódú air.

25. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag,

26. agus a bhí tar éis mórán a fhulaingt óna lán lianna agus a raibh aici a chaitheamh, agus nárbh fhearrde í é, ach gur mhó a bhí sí ag dul in olcas,

27. nuair a chuala sí scéala mar gheall ar Íosa, tháinig sí taobh thiar de sa slua agus bhain sí lena bhrat;

28. mar dúirt sí: “Má bhainim lena chuid éadaigh fiú amháin, beidh mé slán.”

29. Agus stad an doirteadh fola aici láithreach, agus mhothaigh sí ina corp go raibh sí leigheasta óna gearán.

30. Ach d'airigh Íosa ann féin go ndeachaigh brí amach uaidh, chas sé timpeall láithreach sa slua agus dúirt: “Cé bhain le mo chuid eádaigh?”

31. Dúirt a dheisceabail leis: “Feiceann tú an slua ag plódú ort, agus deir tú ‘Cé bhain liom?’ ”

32. Agus dhearc sé ina thimpeall féachaint cé rinne é.

33. Ach ó thuig an bhean cad a bhí déanta inti, tháinig sí go critheaglach agus chaith í féin síos roimhe agus d'inis an fhírinne go léir dó.

34. Dúirt sé léi: “A iníon, do chreideamh a shlánaigh thú. Imigh leat faoi shíocháin, agus bí slán ó do ghearán.”

35. Le linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?”

36. Ba chlos d'Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.”

37. Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais.

38. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard.

39. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”

Marcas 5