Marcas 5:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig siad go dtí an taobh eile den fharraige, go dtí tír na nGeiriséanach,

2. agus ar theacht amach as an mbád dó, tháinig faoina dhéin as na tuamaí duine a raibh spiorad míghlan ann

3. a bhíodh ina chónaí sna tuamaí; agus ní fhéadfadh aon duine é cheangal feasta, le slabhra féin;

4. óir is minic roimhe sin a cheanglaítí le geimhle agus le slabhraí é, ach shracadh sé na slabhraí as a chéile, agus bhriseadh sé na geimhle, agus níorbh fhéidir le haon duine é smachtú.

5. Agus bhíodh sé de ghnáth de lá agus d'oíche sna tuamaí agus ar na sléibhte, é ag screadach agus á ghreadadh féin le clocha.

6. Nuair a chonaic sé Íosa i bhfad uaidh, rith agus d'umhlaigh dó,

7. agus ag screadach de ghlór ard dúirt: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Cuirim ort, as ucht Dé, gan mé a chrá,”

8. óir bhí sé á rá leis: “Gabh amach as an duine, a spioraid mhíghlain.”

9. Agus d'fhiafraigh de: “Cad is ainm duit?” Dúirt sé leis: “Léigiún is ainm dom, óir tá mórán againn ann.”

10. Agus bhí sé ag achainí air go crua gan iad a chur as an tír.

Marcas 5