7. Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é - ó Iúdáia fós,
8. ó Iarúsailéim, ó Idiúmáia, ón taobh thall den Iordáin, agus ó thimpeall na Tuíre agus na Síodóine, tháinig slua mór chuige, nuair a chuala siad a raibh á dhéanamh aige.
9. Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air.
10. Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.
11. Agus nuair a d'fheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: “Is tú Mac Dé!”
12. Ach d'ordaigh sé go dian dóibh gan é chur in iúl.
13. Chuaigh sé an sliabh suas agus ghlaoigh sé chuige iad seo ab áil leis féin. Tháinig siad chuige,
14. agus cheap sé dáréag mar chompánaigh aige féin agus chun go gcuirfeadh sé uaidh iad ag seanmóir,
15. agus údarás acu chun na deamhain a chaitheamh amach.
16. Cheap sé an dáréag, Síomón ar ar thug sé Peadar mar ainm,
17. Séamas mac Zeibidé agus Eoin deartháir Shéamais ar thug sé Bóanaeirgis mar ainm orthu, is é sin, clann na toirní,
18. Aindrias, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Séamas mac Alfáias, Tadáias, Síomón an Cananáiach,
19. agus Iúdás Isceiriót an fear a bhraith é.
20. Chuaigh sé isteach agus tháinig an slua le chéile arís sa chaoi nár fhéad siad fiú amháin béile a ithe.
21. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d'fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.”
22. Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.”
23. Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: “Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach?
24. Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh.
25. Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh.