Marcas 15:9-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. D'fhreagair Pioláit iad á rá: “An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?”

10. Óir bhí fhios aige gur formad faoi deara do uachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh.

11. Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu.

12. Agus dúirt Pioláit leo arís á bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?”

13. Scread siad arís: “Céas é!”

14. Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”

15. Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.

16. Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.

17. Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.

18. Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”

19. Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.

20. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air.Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh.

21. Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón, Cuiréanach, athair Alastair agus Rufus, chuir siad d'fhiacha air a chros a iompar.

22. Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgotá - a chiallaíonn Áit an Chloiginn.

23. Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, á thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é.

24. Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine.

25. Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é.

26. Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.”

Marcas 15