6. Le linn na féile ba bhéas leis príosúnach, an té a lorgaídís, a scaoileadh saor.
7. Agus bhí fear darbh ainm Barabas ar láimh an uair sin leis an lucht ceannairce, dream a raibh dúnmharú déanta acu sa cheannairc.
8. Chuaigh an slua suas dá bhrí sin agus thosaigh siad ar a iarraidh air déanamh dóibh mar ba ghnách.
9. D'fhreagair Pioláit iad á rá: “An mian libh go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nGiúdach?”
10. Óir bhí fhios aige gur formad faoi deara do uachtaráin na sagart é a thabhairt ar láimh.
11. Ach spreag uachtaráin na sagart an slua chun gurbh é Barabas seachas eisean a scaoilfeadh sé saor chucu.
12. Agus dúirt Pioláit leo arís á bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?”
13. Scread siad arís: “Céas é!”
14. Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”
15. Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
16. Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.
17. Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.
18. Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”