36. Rith duine agus thum sé spúinse i bhfínéagar, chuir ar bharr giolcaí é agus thug deoch dó ag rá: “Fanaigí go bhfeicfimid an dtiocfaidh Éilias chun é thógáil anuas.”
37. Ach ghlaoigh Íosa de ghuth ard agus shíothlaigh sé.
38. Agus réabadh brat an Teampaill ina dhó ó bhun go barr.
39. An taoiseach céad a bhí ina sheasamh os a chomhair, chonaic sé mar a shíothlaigh sé amhlaidh sin agus dúirt sé: “Go dearfa ba é Mac Dé an duine sin.”
40. Bhí mná ann agus iad i bhfad uaidh ag breathnú. Bhí Máire Mhaigdiléana orthu, agus Máire máthair Shéamais Bhig agus Iósaef, agus Salómae.
41. Bhídís seo á leanuint agus ag freastal air nuair a bhí sé sa Ghailíl. Agus bhí a lán ban eile ann a bhí tagtha suas go Iarúsailéim in éineacht leis.
42. Agus nuair a bhí an tráthnóna cheana féin ann, ós rud é gurb é Lá an Ullmhaithe é (is é sin an lá roimh an tsabóid)
43. tháinig Iósaef ó Aramatáia, ball creidiúnach den chomhairle, fear a bhí, é féin, ag súil le ríocht Dé; agus chuaigh sé isteach go dána go dtí Pioláit agus d'iarr corp Íosa air.
44. Bhí ionadh ar Phioláit é a bheith marbh cheana féin, agus ghlaoigh sé chuige an taoiseach céad agus d'fhiafraigh de an raibh sé marbh cheana féin.
45. Nuair a bhí a fhios sin aige ón taoiseach céad, cheadaigh sé an corp a thabhairt do Iósaef.