12. Agus dúirt Pioláit leo arís á bhfreagairt: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé leis an té ar a dtugann sibh Rí na nGiúdach?”
13. Scread siad arís: “Céas é!”
14. Dúirt Pioláit leo: “Ach, cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a scread siad: “Céas é!”
15. Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
16. Rug na saighdiúirí leo é isteach sa taobh istigh den chúirt, is é sin an préatóiriam, agus ghlaoigh siad an cathlán go léir le chéile.
17. Chuir siad brat corcra uime, agus rinne siad coróin dheilgneach a fhí agus a chur air.
18. Agus thosaigh siad ar bheannú dó: “Sé do bheatha, a Rí na nGiúdach!”
19. Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.
20. Agus tar éis dóibh fonóid a dhéanamh faoi, bhain siad de an brat corcra, agus chuir siad a chuid éadaigh féin air.Agus sheol siad amach é chun é a chéasadh.
21. Agus duine a bhí ag gabháil an bhóthair, ag teacht ón tuath, Síomón, Cuiréanach, athair Alastair agus Rufus, chuir siad d'fhiacha air a chros a iompar.
22. Agus rug siad leo é go dtí an áit Golgotá - a chiallaíonn Áit an Chloiginn.
23. Agus bhí fíon, a raibh miorr tríd, á thabhairt acu dó, ach níor ghlac sé é.
24. Chéas siad é agus roinn siad a chuid éadaigh eatarthu, á gcur ar chrainn féachaint cén balla bhéarfadh gach duine.
25. Ba é an tríú huair é nuair a chéas siad é.
26. Agus bhí inscríbhinn a chúise scríofa: “Rí na nGiúdach.”
27. Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé.
28. Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.”
29. Bhí lucht an bhealaigh ag tabhairt achasáin dó, ag croitheadh a gceann agus ag rá: “Ahá! Tusa a leagfadh Teampall Dé agus a thógfadh é i dtrí lá!
30. Saor thú féin! tar anuas ón gcros!”
31. Bhí uachtaráin na sagart ag fonóid faoi sa tslí chéanna eatarthu féin, in éineacht leis na scríobhaithe. “Shaor sé daoine eile,” a deiridís, “ní féidir leis é féin a shaoradh.
32. Tagadh an Críost, Rí Iosrael, anuas ón gcros feasta chun go bhfeicfimis agus go gcreidfimis.” Iad seo a bhí á gcéasadh mar aon leis, bhí siad á aithisiú freisin.