Marcas 14:56-72 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

56. Óir bhí a lán ag tabhairt fianaise bhréige ina choinne, ach ní raibh a bhfianaise ag réiteach.

57. Agus d'éirigh daoine éigin agus thug siad fianaise bhréige ina aghaidh á rá:

58. “Chualamarna é á rá: ‘An teampall seo a rinneadh le lámha daonna, leagfaidh mé é, agus faoi chionn trí lá tógfaidh mé ceann eile nach le lámha daoine a dhéanfar.’ ”

59. Ach níor réitigh a bhfianáise fiú sa mhéid sin.

60. Agus d'éirigh an t‑ardsagart i lár baill agus chuir sé ceist chun Íosa, á rá: “Nach bhfuil aon fhreagra ar bith agat? Cad atá acu seo á dhearbhú ort?”

61. Ach d'fhan sé ina thost agus níor thug sé aon fhreagra. Chuir an t‑ardsagart ceist chuige arís agus dúirt sé leis: “An tú an Críost, Mac an Bheannaithe?”

62. Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.”

63. Stróic an t‑ardsagart a róbaí: “Cad is gá dúinn a thuilleadh d'fhinnéithe?” ar sé, “chuala sibh an diamhasla. Cad é bhur mbarúil?”

64. Agus thug siad go léir de dhaorbhreith air go raibh an bás tuillte aige.

65. Agus thosaigh cuid acu ar sheilí a chaitheamh air, agus ar dhallóg a chur ar a aghaidh, agus é a bhualadh, agus a rá leis: “Bí ag tairngreacht!” Agus ghabh na seirbhísigh de bhuillí air.

66. Nuair a bhí Peadar laistíos sa chúirt, tháinig duine de chailíní aimsire an ardsagairt,

67. agus nuair a chonaic sí Peadar á théamh féin, d'fhéach sí go géar air agus dúirt leis: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Nazairéanach.”

68. Ach shéan sé é, á rá: “Ní eol dom, ní thuigim cad a deir tú.” Agus d'imigh sé amach sa réamhchúirt agus ghlaoigh an coileach.

69. Chonaic an cailín aimsire é agus thosaigh ar a rá arís leis na daoine a bhí ina seasamh timpeall: “Is duine díobh é seo.”

70. Ach shéan sé arís. Tar éis tamaill bhig dúirt na daoine a bhí ina seasamh timpeall arís le Peadar: “Go dearfa is duine díobh sin tusa, mar is Gailíleach tú ar ndóigh.”

71. Ach thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine seo a deir sibh.”

72. Agus láithreach ghlaoigh an coileach den dara huair; agus ba chuimhin le Peadar an focal a dúirt Íosa leis: “Roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.” Agus bhris an gol air.

Marcas 14