12. Ar an gcéad lá d'fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail leis: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?”
13. Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis.
14. Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n‑ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’
15. Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra mór in airde staighre, é feistithe ullamh. Déanaigí an réiteach ansiúd dúinn.”
16. D'imigh na deisceabail leo agus tháinig siad isteach sa chathair, agus fuair siad mar a dúirt sé leo, agus d'ullmhaigh siad an cháisc.
17. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tháinig sé leis an dáréag.
18. Agus nuair a bhí siad ina suí ag ithe, dúirt Íosa: “Deirim libh go fírinneach: tá duine agaibh atá ag ithe in éineacht liom a bhraithfidh mé.”
19. Tháinig buaireamh orthu agus thosaigh siad ar a fhiafraí de, ina nduine is ina nduine: “An mise é?”
20. Dúirt sé leo: “Duine den dáréag é, duine a thumann a lámh sa mhias i mo theannta.
21. Sea, tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air; ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine! B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
22. Le linn dóibh a bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris agus thug dóibh é agus dúirt: “Tógaigí; is é seo mo chorp.”
23. Agus thóg sé an cupa, agus ar altú dó, thug dóibh é, agus d'ól siad go léir as.
24. Agus dúirt sé leo: “Is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán.