Marcas 13:5-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Agus thosaigh Íosa ar a rá leo: “Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh.

6. Tiocfaidh a lán daoine i m'ainmse á rá: ‘Is mise é,’ agus cuirfidh siad a lán daoine amú.

7. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin; óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é.

8. Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna talún anseo agus ansiúd; beidh gortaí. Ní bheidh sa mhéid sin ach na harraingeacha tosaigh.

9. “Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall ormsa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair.

10. Ní foláir ar dtús an soiscéal a fhógairt do na náisiúin go léir.

11. Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibhse a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh.

Marcas 13