9. Anois, cad a dhéanfaidh máistir an fhíonghoirt? Tiocfaidh sé agus cuirfidh sé na curadóirí chun báis, agus tabharfaidh sé an fíonghort do dhaoine eile.
10. Nár léigh sibh an scrioptúr seo:‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir,rinneadh di ceann an chúinne;
11. obair an Tiarna é seoagus is iontach inár súile é.’ ”
12. Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.
13. Agus chuir siad chuige cuid de na Fairisínigh agus de na Héaródaigh chun breith air ina chaint.
14. Tháinig siad chuige agus dúirt siad leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach tú, gan beann agat ar dhuine ar bith; óir ní fhéachann tú do phearsa seachas a chéile ach slí Dé a mhúineadh de réir na fírinne. An dleathach cáin a íoc le Céasar nó an mídhleathach? An dtabharfaimid í nó nach dtabharfaimid?”
15. Ach bhí a fhios ag Íosa an fhimíneacht a bhí iontu agus dúirt sé leo: “Cad ab áil libh ag baint trialach asam? Tugaigí chugam déanar go bhfeicfidh mé.”
16. Agus shín siad chuige é. Dúirt sé leo: “Cé hé arb é seo a íomhá agus a inscríbhinn?” “Céasar,” ar siad leis.
17. Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.
18. Ansin tháinig chuige Sadúcaigh - iad seo a shéanann an t‑aiséirí a bheith ann - agus chuir siad ceist air:
19. “A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’
20. Sea, bhí seachtar dearthár ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil.
21. Phós an dara duine an bhaintreach ansin agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna;
22. níor fhág an seachtar aon sliocht. An bhean féin is déanaí a fuair bás.
23. San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?”
24. Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé?
25. Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.