17. Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.
18. Ansin tháinig chuige Sadúcaigh - iad seo a shéanann an t‑aiséirí a bheith ann - agus chuir siad ceist air:
19. “A Mháistir,” ar siad, “scríobh Maois dúinn: ‘Má fhaigheann deartháir duine bás agus go bhfágann sé bean, ach nach bhfágann sé clann, go bpósfadh a dheartháir an bhaintreach, agus go dtógfadh sé sliocht dá dheartháir.’
20. Sea, bhí seachtar dearthár ann. Phós an chéad duine bean agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil.
21. Phós an dara duine an bhaintreach ansin agus fuair sé bás gan sliocht a fhágáil; agus an tríú duine mar an gcéanna;
22. níor fhág an seachtar aon sliocht. An bhean féin is déanaí a fuair bás.
23. San aiséirí, nuair a éireoidh siad arís, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige, óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar?”
24. Dúirt Íosa leo: “Nach é atá do bhur gcur amú, nach eol daoibh na scrioptúir ná cumhacht Dé?
25. Óir nuair a éireoidh siad ó mhairbh, ní bhíonn fir ag pósadh ná mná á dtabhairt le pósadh, ach bíonn siad ar nós aingil Dé ar neamh.
26. Maidir leis na mairbh a éirí arís, nár léigh sibh i Leabhar Mhaois, sa dréacht faoin Tor, conas mar a labhair Dia leis agus a dúirt: ‘Is mise Dia Abrahám, agus Dia Íosác, agus Dia Iacóib.’