46. Agus tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair.
47. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!”
48. Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: “A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.”
49. Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!”
50. Chaith sé siúd de a bhrat, d'éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa.
51. Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!”
52. Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.