Malaicí 2:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.

8. “Ach i dtaca libhse de, d'imigh sibh ar fán ón mbealach ceart; bhí sibh in bhur gceap tuisle do mhórán daoine de dheasca bhur ndrochtheagaisc, agus chuir sibh ar neamhní an conradh a bhí déanta agamsa le Léiví, a deir Tiarna na Slua.

9. Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”

10. Nach é an t‑aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t‑aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?

11. Rinne Iúdá feall ar iontaoibh; rinneadh gníomh gráiniúil in Iosrael agus in Iarúsailéim; óir, tá Iúdá tar éis an Teampall is ionúin leis an Tiarna a thruailliú trí bhean, a adhrann dia deoranta, a phósadh.

12. An té a dhéanann amhlaidh, nár fhága an Tiarna sliocht ná síol aige i mbothanna Iacóib, ná ina measc siúd a ofrálann íobairt do Thiarna na Slua.

13. Seo rud eile atá sibh a dhéanamh: bánn sibh altóir an Tiarna le frasa deor - le caoineadh agus le cneadach - toisc nach dtugann sé aird ar bhith ar bhur n‑ofráil agus nach nglacann sé go grástúil ó bhur lámha í níos mó.

14. Fiafraíonn sibhse, áfach: “Cad chuige sin?” De bhrí go raibh an Tiarna ina fhinné idir tusa agus an bhean a bhí mar chéile agat ó d'óige, an bhean a bhfuil tú tar éis feall a dhéanamh uirthi ainneoin gurbh í do chara cléibh agus do chéile conartha í.

15. Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.

Malaicí 2