44. “Gabhaigí chugaibh na briathra seo in bhur gcluasa, óir tá Mac an Duine le tabhairt ar láimh do dhaoine.”
45. Ach níor thuig siad an focal sin; bhí a bhrí ceilte orthu ionas nach bhfeicfidís é, agus bhí eagla orthu ceist a chur air mar gheall ar an bhfocal sin.
46. Tháinig sé ina n‑aigne a fhiafraí cé acu díobh ba mhó.
47. Ach bhí a fhios ag Íosa an smaoineamh a bhí ina gcroí, agus thóg sé leanbh agus chuir ina sheasamh é láimh leis,
48. agus dúirt leo: “Cibé a ghlacfaidh an leanbh seo i m'ainm, is mise a ghlacann sé, agus cibé a ghlacfaidh mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé. Óir, an té is lú eadraibh uile, sin é an té atá mór.”
49. Labhair Eoin agus dúirt: “A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d'ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.”
50. Dúirt Íosa leis: “Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n‑aghaidh, tá sé ar bhur son.
51. Ansin, nuair a bhí an t‑am ag teacht go dtógfaí as an saol é, bhuail sé roimhe go dána ag déanamh ar Iarúsailéim,
52. agus chuir sé teachtairí roimhe amach. Sa tslí dóibh sin, chuaigh siad isteach i mbaile Samárach ag ullmhú dó.
53. Ach ní ghlacfaí san áit sin é de bhrí gur ar Iarúsailéim a bhí a thriall.
54. Ar a fheiceáil sin do na deisceabail, Séamas agus Eoin, dúirt siad: “A Thiarna, arbh áil leat go n‑ordóimis tine a theacht anuas ó neamh agus iad a scriosadh?”
55. Ach d'iompaigh sé chucu agus thug casaoid dóibh.