Lúcás 8:43-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

43. Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,

44. tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach.

45. Ach dúirt Íosa: “Cé bhain liom?” Agus nuair a shéan cách é, dúirt Peadar: “A Mháistir, tá na sluaite timpeall ort agus tá siad ag brú ort.”

46. Ach dúirt Íosa: “Bhain duine éigin liom, óir airím go ndeachaigh brí amach uaim.”

47. Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d'inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach.

48. Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.”

Lúcás 8