19. Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua.
20. Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus b'áil leo thú a fheiceáil.”
21. D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”
22. Tharla aon lá amháin go ndeachaigh sé ar bord báid, é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Téimis trasna an locha anonn.” Agus chuir siad chun farraige.
23. Agus ag seoladh dóibh, thit seisean ina chodladh. Agus tháinig cuaifeach gaoithe anuas ar an loch; agus bhí ag líonadh orthu agus bhí siad i mbaol.