10. Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís,agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’
11. “Is í seo ciall an pharabail: Is é briathar Dé an síol.
12. Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad,
13. Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.
14. É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n‑imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.
15. Ach é siúd sa talamh maith, sin iad na daoine, tar éis dóibh an briathar a chloisteáil le dea-chroí macánta, a choinníonn é agus a thugann toradh uathu trína mbuanseasamh.
16. “Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas.
17. Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais.
18. Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”
19. Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua.
20. Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus b'áil leo thú a fheiceáil.”