Lúcás 7:39-50 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”

40. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.”

41. Dúirt: “Bhí beirt i bhfiacha ag éilitheoir áirithe: bhí cúig céad déanar amuigh ar dhuine acu, agus caoga ar an duine eile.

42. Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”

43. D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

44. Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.

45. Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

46. Níor ung tú mo cheann le hola; ach d'ung sí seo mo chosa le hola chumhra.

47. Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí - a mórchuid peacaí - maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”

48. Agus dúirt sé léi: “Tá do pheacaí maite.”

49. Agus iad seo a bhí ag bord leis, thosaigh siad ag rá ina n‑aigne: “Cé hé seo a dhéanann fiú amháin peacaí a mhaitheamh?”

50. Ach dúirt sé leis an mbean: “Shlánaigh do chreideamh tú. Imigh faoi shíocháin.”

Lúcás 7