Lúcás 5:2-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta.

3. Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d'iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

4. Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.”

5. D'fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d'fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.”

6. Nuair a rinne siad é sin, cheap siad clais mhór éisc. Bhí a gcuid líonta ag briseadh,

7. agus sméid siad ar a gcomrádaithe sa bhád eile teacht i gcabhair orthu. Tháinig siad agus líon an dá bhád nó go raibh siad ar tí dul faoi.

8. Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.”

9. Óir ghabh alltacht é féin agus a chompánaigh uile faoin ngabháil éisc a thóg siad

10. agus mar an gcéanna do Shéamas agus d'Eoin, clann Zeibidé, a bhí i bpáirt le Síomón. Agus dúirt Íosa le Síomón: “Ná bíodh eagla ort, as seo amach is daoine a bheidh tú a ghabháil.”

Lúcás 5