Lúcás 5:17-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.

18. Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair.

19. Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.

20. Nuair a chonaic sé an creideamh a bhí acu, dúirt: “A dhuine, tá do pheacaí maite duit.”

21. Agus thosaigh na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag smaoineamh: “Cé hé seo a labhraíonn diamhaslaí? Cé a fhéadann peacaí a mhaitheamh ach Dia amháin?”

22. Ach thuig Íosa na smaointe a bhí acu, agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cad chuige a bhfuil na smaointe seo in bhur gcroí?

23. Cé acu is fusa a rá: ‘Tá do pheacaí maite duit’; nó a rá: ‘Éirigh agus siúil’?

24. Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh chun peacaí a mhaitheamh - deirim leat,” ar seisean leis an bpairiliseach, “éirigh, tóg leat do réleaba, agus imigh abhaile.”

25. Agus ar an mball, d'éirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia.

26. Agus ghabh uafás iad uile, agus bhí siad ag tabhairt glóire do Dhia, agus líon siad d'uamhan agus deiridís: “Tá nithe iontacha feicthe againn inniu.”

27. Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: “Lean mise.”

28. D'fhág sé gach aon ní, d'éirigh agus lean é.

29. Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann.

Lúcás 5