7. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.”
8. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”
9. Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos;
10. óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’;
11. agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’ ”
12. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”
13. Agus tar éis don diabhal é a phromhadh i ngach slí, d'fhág sé é nó go dtiocfadh an uain.
14. Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.
15. Agus bhíodh sé ag teagasc ina sionagóga, agus moladh ó chách air.
16. Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.
17. Síneadh chuige leabhar Íseáia fáidh, agus ar oscailt an leabhair dó, fuair sé an t‑ionad ina raibh scríofa:
18. “Tá Spiorad an Tiarna orm, mar gur choisric le hola mé.Chuir sé uaidh mé ag tabhairt an dea-scéil do na boicht,ag fógairt a scaoilte do bhránnaagus aiseag a radhairc do dhaill;ag scaoileadh lucht géarbhroide saor;
19. ag fógairt bhliain ghrásta an Tiarna.”
20. D'fhill sé an leabhar ina chéile, thug ar ais don seirbhíseach é, agus shuigh. Agus bhí súile a raibh sa tsionagóg dlúite air.