Lúcás 3:18-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.

19. Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,

20. chuir sé an drochbheart seo i gceann an iomláin: Eoin a chur faoi ghlas i bpríosún.

21. Ach tar éis don phobal uile a bheith baiste, tharla, nuair a bhí Íosa féin baiste agus é ag guí, gur osclaíodh na flaithis,

22. agus tháinig an Spiorad Naomh anuas air i gcruth corpartha mar a bheadh colm, agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

23. Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí,

24. mhic Mhatat, mhic Léiví, mhic Mheilchí, mhic Iannái, mhic Iósaef,

25. mhic Mhataitias, mhic Ámós, mhic Náum, mhic Ioslái, mhic Nagai,

Lúcás 3