Lúcás 23:14-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.

15. Ní bhfuair ná Héaród, ós rud é gur chuir sé ar ais chugainn é. Is léir nach bhfuil rud ar bith déanta aige a thuillfeadh bás.

16. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”

17. Ach b'éigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile.

18. Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” -

19. duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhúnmharú.

20. Chuir Pioláit caint orthu arís, mar b'áil leis Íosa a scaoileadh saor.

21. Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!”

22. Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”

23. Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha.

24. Ansin, thug Pioláit de bhreith an rud a d'iarr siad a thabhairt dóibh;

25. scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.

26. Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.

Lúcás 23