Lúcás 22:9-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Dúirt siad leis: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis í?”

10. Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul,

11. agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n‑ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’

12. Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.”

13. D'imigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus d'ullmhaigh an cháisc.

14. Nuair a tháinig an uair, lig sé faoi ag bord agus na haspail mar aon leis.

15. Agus dúirt sé leo: “Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom;

16. óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comhlíonadh ann i ríocht Dé.”

17. Agus ghlac sé cupa, agus ar altú dó dúirt: “Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é;

18. óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.”

Lúcás 22