Lúcás 22:62-65 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

62. Agus chuaigh sé amach agus ghoil go goirt.

63. Ansin, na fir a raibh sé i ngéibheann acu, bhí siad ag fonóid faoi agus á bhualadh;

64. agus chuiridís dallóg air agus d'fhiafraídís de: “Tairngir! cé hé sin a bhuail thú?”

65. Agus dúirt siad mórán nithe eile ina aghaidh, á dhiamhaslú.

Lúcás 22