1. Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar an Cháisc, in achmaireacht.
2. Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu.
3. Ach chuaigh Sátan isteach in Iúdás ar a nglaotar Isceiriót, a bhí ar uimhir an dáréag.
4. D'imigh sé mar sin ag déanamh cainte le huachtaráin na sagart agus leis na captaein féachaint conas a thabharfadh sé ar láimh dóibh é.
5. Agus bhí áthas orthu, agus rinne siad réiteach leis airgead a thabhairt dó.
6. Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua.
7. Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt.
8. Chuir sé uaidh Peadar agus Eoin: “Imígí,” ar seisean, “agus ullmhaígí dúinn an cháisc go n‑ithimid í.”
9. Dúirt siad leis: “Cárbh áil leat go n‑ullmhóimis í?”
10. Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul,
11. agus abraigí le fear an tí: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: Cá bhfuil an seomra aíochta go n‑ithinn an cháisc ann in éineacht le mo dheisceabail?’
12. Agus taispeánfaidh sé daoibh seomra in airde staighre agus feisteas mar is cóir air; déanaigí an réiteach ansiúd.”