42. Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,
43. nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.’
44. “Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”
45. Agus i gcomhchlos don phobal uile dúirt sé lena dheisceabail:
46. “Seachnaígí na scríobhaithe, an dream arb áil leo a bheith ag siúl timpeall sna róbaí fada, agus gur gnaoi leo go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus na príomhshuíocháin sna sionagóga agus na príomhthoilg ag na fleánna;
47. an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”