32. Sa deireadh, fuair an bhean féin bás.
33. San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.”
34. Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile,
35. ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;
36. óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí.
37. Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib.
38. Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.”
39. Dúirt cuid de na scríobhaithe á fhreagairt: “A Mháistir, is maith a dúirt tú é!”
40. Óir níor leomh siad as sin amach ceist ar bith a chur air.
41. Dúirt sé leo ansin: “Conas is féidir a rá gur Mac do Dháiví an Críost?
42. Óir is é Dáiví féin a deir i Leabhar na Salm:‘Dúirt an Tiarna le mo Thiarna:Suigh ar mo dheis,
43. nó go gcuirfead do naimhde mar stól faoi do chosa.’
44. “Dá bhrí sin, glaonn Dáiví Tiarna air, agus cad a bheir ina mhac dó é?”