Lúcás 20:29-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann.

30. An dara duine ansin,

31. agus an tríú duine, ghabh siad an bhaintreach, agus an seachtar ar fad mar an gcéanna; níor fhág siad sliocht agus fuair bás.

32. Sa deireadh, fuair an bhean féin bás.

33. San aiséirí, más ea, cé acu a mbeidh an bhean ina bean chéile aige? Óir bhí sí ina bean chéile ag an seachtar.”

34. Dúirt Íosa leo: “Gabhann clann an tsaoil seo fear céile nó bean chéile,

35. ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;

36. óir ní fhéadann siad bás a fháil níos mó, mar is geall le haingil iad; agus is clann iad do Dhia ós clann iad don aiséirí.

37. Ach thug Maois féin le tuiscint na mairbh a éirí, sa dréacht úd faoin tor, mar a dtugann ar an Tiarna, Dia Abrahám agus Dia Íosác agus Dia Iacóib.

38. Ní hé Dia na marbh é, ach na mbeo; óir is dó is beo cách.”

39. Dúirt cuid de na scríobhaithe á fhreagairt: “A Mháistir, is maith a dúirt tú é!”

Lúcás 20