20. Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.
21. Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne.
22. An dleathach dúinn cíos a íoc le Céasar nó an mídhleathach?”
23. Ach thuig sé a gceilg agus dúirt leo:
24. “Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Céasar.”
25. Dúirt sé leo: “Íocaigí le Céasar, mar sin, na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”
26. Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b'ionadh leo a fhreagra, d'fhan siad ina dtost.
27. Tháinig chuige ansin cuid de na Sadúcaigh - iad seo a shéanann aiséirí a bheith ann -
28. agus chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “seo mar a d'ordaigh Maois dúinn sa scríbhinn: ‘Má bhíonn ag duine deartháir pósta a gheobhadh bás gan chlann, é féin a ghabháil na baintrí chun gin sleachta a thógáil dá dheartháir.’
29. Sea: bhí seachtar dearthár ann: phós an chéad duine agus fuair bás gan chlann.