1. Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí,
2. agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t‑údarás sin duit?”
3. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom:
4. An ó neamh nó ó dhaoine a tháinig baisteadh Eoin?”
5. Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’
6. Ach má deirimid: ‘Ó dhaoine,’ gabhfaidh an pobal uile de chlocha orainn, óir is deimhin leo go raibh Eoin ina fháidh.”
7. Agus ba é freagra a thug siad, nach raibh a fhios acu cárbh as dó.
8. Dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
9. Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.
10. Nuair a tháinig an t‑am, chuir sé seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun go dtabharfaidís dó a chion de thoradh an fhíonghoirt; ach chuir na curadóirí ar ais folamh é tar éis dóibh é a bhualadh.
11. Chuir sé seirbhíseach eile freisin, ach tar éis dóibh é seo a bhualadh chomh maith, agus easonóir a thabhairt dó, chuir siad ar ais folamh é.
12. Chuir sé uaidh fós an tríú duine: ach é seo arís, rinne siad é ghoin agus é thiomáint amach.