8. Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”
9. Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d'Abrahám an duine seo freisin:
10. óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”
11. Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.
12. Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.
13. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’
14. Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’
15. Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.
16. Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’
17. Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”
18. Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’