14. Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’
15. Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.
16. Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’
17. Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”
18. Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’
19. Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’
20. Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín.
21. Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian tú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.’
22. Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?
23. Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’
24. Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’
25. ‘Ach, a thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aigesean.’
26. ‘Deirim libh, gach aon duine a mbíonn aige, tabharfar dó, ach an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.
27. Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”
28. Nuair a bhí an méid sin ráite aige, ghluais sé roimhe ag dul suas go Iarúsailéim.
29. Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:
30. “Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é.