23. Ar chloisteáil an méid sin dó, tháinig buaireamh mór air, mar bhí saibhreas as cuimse aige.
24. Ar a fheiceáil amhlaidh d'Íosa, dúirt: “Cad é chomh deacair is a bhíonn sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!
25. Sea, is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé.”
26. Agus iad seo a chuala é, dúirt siad: “Agus cé is féidir a shlánú?”
27. Dúirt sé: “Na nithe atá dodhéanta ag daoine, tá siad sodhéanta ag Dia.”
28. Ansin dúirt Peadar: “Is é atá déanta againne: ár maoin shaolta a thréigean agus tusa a leanúint!”
29. Dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, níl aon duine a thréig teach ná bean ná deartháireacha ná tuismitheoirí ná clann mar gheall ar ríocht Dé,
30. nach bhfaighidh mórán uair níos mó san aimsir seo, agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht.”
31. Rug sé leis an dáréag i leataobh agus dúirt leo: “Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim, agus tiocfaidh na nithe uile chun críche atá scríofa ag na fáithe faoi Mhac an Duine.
32. Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air,
33. agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.”
34. Ach níor thuig siad aon chuid den mhéad sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá.
35. Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce.
36. Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar bun.