Lúcás 14:12-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Dúirt sé freisin leis an té a thug an cuireadh dó: “Nuair a bhíonn meán lae nó dinnéar á thabhairt agat, ná cuir gairm ar do chairde ná ar do bhráithre ná ar do ghaolta ná ar do chomharsana saibhre, le heagla go dtabharfaidís sin cuireadh duitse ar a seal agus go ndíolfaí an comhar leat.

13. Ach nuair a bhíonn fleá agat á tabhairt, tabhair cuireadh do bhoicht, do mhairtínigh, do bhacaigh, do dhaill;

14. agus beidh sonas ort, de bhrí nach bhfuil teacht acu ar é a chúiteamh leat; óir cúiteofar leat é in aiséirí na bhfíréan.”

15. Duine díobh seo a bhí ag bord leis, ar chloisteáil an méid sin dó, dúirt sé leis: “Is méanar don té a chaitheann a chuid i ríocht Dé!”

16. Dúirt sé leis: “Bhí fear ann agus dinnéar mór aige á thabhairt, agus thug sé cuireadh dá lán.

17. Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: ‘Tagaigí, mar tá sé reidh anois.’

18. Agus thosaigh siad uile mar a chéile á leithscéalú féin. Dúirt an chéad duine leis: ‘Tá feirm ceannaithe agam, agus is éigean dom dul amach á feiceáil; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’

19. Dúirt duine eile: ‘Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’

20. Agus dúirt duine eile: ‘Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.’

Lúcás 14