Lúcás 14:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a chuaigh sé ag caitheamh a choda lá sabóide i dteach dhuine de chinn urra na bhFairísineach, iad seo a bhí ann, bhí siad ag faire go géar air.

2. Agus bhí, os a chomhair amach, fear a raibh íorpais air.

3. Labhair Íosa leis na dlíodóirí agus leis na Fairisínigh: “An dleathach leigheas a dhéanamh lá saboide,” ar sé, “nó an mídhleathach?”

4. Ach d'fhan siad ina dtost. Thóg sé é agus leigheas é agus scaoil uaidh é.

5. Agus dúirt sé leo: “An bhfuil aon duine agaibh a dtitfidh a mhac nó a dhamh sa tobar agus nach dtarraingeoidh amach láithreach é lá na sabóide?”

6. Agus níorbh fhéidir dóibh freagra a thabhairt ar an méid sin.

7. Dúirt sé parabal leo siúd a fuair an cuireadh, ar a shonrú dó mar a thoghaidís na chéad áiteanna; dúirt sé leo:

8. “Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú,

9. agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil.

10. Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat.

Lúcás 14