Lúcás 12:49-57 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

49. “Chun tine a chaitheamh ar an talamh a tháinig mé, agus nach mór is áil liom go mbeadh sí ar lasadh cheana féin!

50. Tá baisteadh lena gcaithfear mé a bhaisteadh, agus cad é mar chúngrach atá orm nó go mbeidh sé curtha i gcrích!

51. An é is dóigh libh gur chun síocháin a thabhairt ar an talamh a tháinig mé? Ní hea, deirim libh, ach easaontas.

52. Óir, as seo amach, beidh cúigear in aon teaghlach in easaontas le chéile, triúr le beirt agus beirt le triúr;

53. athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.”

54. Dúirt sé freisin leis na sluaite: “Nuair a fheiceann sibh scamall ag éirí san iarthar, deir sibh láithreach: ‘Tá báisteach chugainn,’ agus is amhlaidh a bhíonn;

55. agus nuair a shéideann sé aneas, deir sibh: ‘Beidh teas ann,’ agus bíonn.

56. A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh?

57. Cad chuige nach dtugann sibh breith, uaibh féin, faoin rud is cóir a dhéanamh?

Lúcás 12