Lúcás 12:29-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Sibhse, mar an gcéanna, ná bígí ag lorg bhur mbia ná bhur ndí, agus ná bígí do bhur gcrá féin.

30. Óir is iad na nithe sin uile a mbíonn págánaigh an domhain seo ar a dtóir; ach tá a fhios ag bhur nAthair go bhfuil gá agaibh leis na nithe sin.

31. Ach déanaigí a ríocht sin a lorg, agus tabharfar daoibh na nithe úd chomh maith.

32. Ná bíodh eagla oraibh, a thréad bheag, óir ba ghnaoi le bhur nAthair an ríocht a thabhairt daoibh.

33. Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.

34. Óir, san áit a mbíonn bhur stór, is ann a bheidh bhur gcroí freisin.

35. “Bíodh crios faoi bhur gcoim agaibh agus bhur lampaí ar lasadh,

36. agus sibh cosúil le daoine a bhíonn ag súil lena máistir a theacht ar ais ón mbainis, ionas, nuair a thiocfaidh sé agus go mbuailfidh, go n‑osclóidh siad láithreach dó.

Lúcás 12