14. Bhí deamhan á chaitheamh amach aige - deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.
15. Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”
16. Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.
17. Ach ó bhí fios a smaointe aige dúirt sé leo: “Gach ríocht a bhíonn ar deighilt ina haghaidh féin, bánaítear í, agus titeann a cuid tithe ar mhuin a chéile.
18. Agus má bhíonn Sátan freisin ar deighilt ina aghaidh féin, conas a sheasóidh a ríocht? - os á rá sibh gur trí Bhéalzabúl a chaithim amach na deamhain.
19. Ach más trí Bhéalzabúl a chaithimse na deamhain amach, cé tríd go gcaitheann bhur gclann féin amach iad? Uime sin, is iad sin a thabharfaidh breith oraibh.
20. Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.
21. Nuair a bhíonn an fear láidir faoi arm is éide ag gardáil a chaisleáin, bíonn gach a bhfuil ina sheilbh sábhálta.
22. Ach nuair a thagann fear is treise ná é ina aghaidh agus go mbuann air, baineann de a ghléas troda as a raibh a mhuinín, agus déanann a chreach a roinnt.
23. An té nach bhfuil liom tá sé i m'aghaidh, agus an té nach gcnuasaíonn liom, scaipeann.