Lúcás 1:53-66 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

53. Líon sé lucht an ocrais le nithe maithe,agus chuir sé na saibhre uaidh folamh.

54. D'fhóir sé ar Iosrael a sheirbhíseach,ag cuimhneamh dó ar a thrócaire -

55. de réir mar gheall sé dar n‑aithreacha -d'Abrahám agus dá shliocht go brách.”

56. D'fhan Muire aici timpeall trí mhí, agus d'fhill abhaile.

57. Tháinig a hionú d'Eiliosaibeit agus rug sí mac.

58. Agus chuala a comharsana agus a gaolta go ndearna Dia a thrócaire go hiomarcúil uirthi, agus rinne siad comhghairdeas léi.

59. Agus ar an ochtú lá, tháinig siad chun an leanbh a thimpeallghearradh, agus bhí siad ag tabhairt ainm a athar air, Zachairias.

60. Ach labhair a mháthair agus dúirt: “Ní hea, ach glaofar Eoin air.”

61. Agus dúirt siad léi: “Níl aon duine ar do chine a bhfuil an t‑ainm sin air.”

62. Ach d'fhiafraigh siad le comharthaí sóirt dá athair cad ab áil leis a thabhairt air.

63. Agus d'iarr seisean cláirín agus scríobh air: “Is Eoin is ainm dó.” Agus rinne siad uile ionadh de.

64. Bogadh a bhéal agus a theanga láithreach, agus labhair sé ag moladh Dé.

65. Agus tháinig uamhan ar a gcomharsana uile; agus sa cheantar go léir ar fud na gcnoc in Iúdáia, bhítí ag iomrá ar na nithe seo uile,

66. agus gach ar chuala trácht orthu, chuir siad chucu ina gcroí iad, agus deiridís: “Cad is dán don leanbh seo, mar sin?” Óir go deimhin bhí lámh an Tiarna leis.

Lúcás 1